Duine fásta

Ag Scuabadh na Fiacla

Cabhraíonn scuabadh na fiacla dhá uair sa ló, le taos le fluoríd istigh inti, chun fiacla agus drandail sláintiúla a choimeád.  Cabhraíonn sé le droch-bholadh ó d’anáil a sheachaint.
Le linn an scuabadh, glan gach faobhar chun bia agus plác a thógaint amach. Taispeánfaidh do fhiaclóir duit na slite chun na fiacla a ghlanadh, mar shampla, píosa beag den taos a úsáid, slí ciorcalach chun na fiacla a scuabadh agus gach ceann a ghlanadh, go h-áirithe liastiar dóibh. Ba cheart na drandail a scuabadh go bog chomh maith.

Ag Fáil an Scuab Cheart

Bain úsáid as ceann atá beag nó méanach chun í a chasadh timpeall go h-éasca id’bhéal. Ba cheart na ribí a bheith bog nó measartha bog chun díobháil a sheachaint.
Is féidir ceann leictreach a úsáid, ach a bheith deas bog leis chomh maith.

Ag Úsáid Flos

Cabhraíonn an flos chun bia agus bactéir a ghlanadh amach idir fiacla agus thíos faoi na drandail. Bíonn sé deacair dul i dtaithí air ar dtúis, ach seo comhairle daoibh:
Tóg píosa maith den flos (dhá orlach déag ar a laghad) agus fáisc timpeall do mhéar fada í ar do dhá lámh.
Sáigh isteach idir dhá fhiacal í agus lúb í timpeall ar chlé nó ar dheis agus tú á thógaint amach.  Lean ort timpeall mar seo.
Má thá sé seo ro-dheacair duit, tá ‘flossers’ ar fáil sna siopaí. Úsáideann tú do lámh seachas do mhéaranta chuige seo ach níl siad chomh h-éifeachtach leis an gnáth flos.
B’fhéidir go gcífeá na drandail ag cur fola nuair a thosnaíonn tú ag flosáil ar dtúis, ach lean ort gach lá agus imeoidh sé seo uait tar éis tamaill.
Bíonn scuabanna beaga ar fáil ós na siopaí, mar shampla (tepes) agus tá siad áisiúil chun bia a ghlanadh amach idir na fiacla.  Beidh comhairle le fáil ó d’fhiaclóir.

Cá háit a bhfuarthas linn

49 Sráid na Carraige Uachtarach, Trá Lí,
Co. Chiarraí
066 712 1457

fiacloir@gmail.com