Eolas Fúinn

Cleachtadh fáilteach is ea sinn i dTráigh Lí, a fhreastalaíonn ar gach éinne sa chlann.

Cuireann ár bhfiaclóirí seirbhís leathan fiaclóireachta ar fáil don gclann ar fad. Ina measc san, tá fiaclóireacht aestéitiúl agus cosantóirí béil ar fáil. Is féidir linn diriú isteach go speisialta ar othair neirbhíseacha.

Tá Mac Domhnaill Dental mar bhall do Tralee Chamber Alliance   .

Tá ár bhfiaclóirí cláraithe le VHI i gCiarraí. Cuirfimid an dá chóras ar fáil dár othair.

1. Íochann an VHI an fhiaclóir go díreach.

2. Íochann an othar an fhiaclóir agus faigheann siad aisíoc ón VHI.

Cé sinn fhéin?

An Dr Marcas Mac Domhnaill

BDS (NUI), DIP Cons Sed (DUBL)

Tar éis a chéim fiaclóireachta a bhaint amach i gCorcaigh, chaith Marcas ocht mbliana ag obair sa chóras fiaclóireachta poiblí agus príomháideach i Sasana. Ar filleadh abhaile go Ciarraí dó i 2002, chaith sé tréimhse le Feidhmeannacht na Seirbhisí Sláinte sular bhfuair sé a chleachtadh féin i dTrá Lí i 2004.

Bronnadh diplóma iar-chéime i dtábhú comhfhiosach air i 2013 ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Bíonn sé ag freastal ar chomhdháil agus cúrsaí traenála go rialta, chun coimeád suas chun dáta le cúrsaí fiaclóireachta.

Is iar-uachtarán é Marcas do Chraobh Chiarraí de Chumann Fiaclóirí na hÉireann agus is comhbhunathóir é de Thionscnamh Fiaclóireachta do Leanaí Chernobyl Idirnáisiúnta, i mBelarúis.

An Dr Róisín Boyle

BDS (QUB)

Bhain Róisín a céim amach in Ollscoil na mBanríona i mBéal Feirste i 2007 le gradaim i gcleachtadh na Fiaclóireachta agus an fhiaclóireacht chaomhnaithe. Thosnaigh sí ag obair le Mac Domhnaill Dental i 2019. Tá taithí maith oibre le blianta anuas mar fhiaclóir ag Róisín. Chríochnaigh sí a traenáil gairme in Albain i 2008. Bhíodh sí ag obair leis an NHS i mBéal Feirste ansan roimh dul ar imirce go Perth san Astráil i 2009. Ansan, chaith sí sé bliana ag obair i gcleachtadh príobháideach.

Tar éis di filleadh ar Éirinn, bheartaigh sí ar lonnú le hais Trá Lí lena fear céile, agus tá beirt mhuirear orthu. Bhaineann sí súp as réimse leathan fiaclóireachta a chur ar fáil agus bíonn sí ag uasgrádú a cuid scileanna de shíor agus í ag freastal ar chúrsaí traenála agus comhdhála.

Cuireann Róisín an-bhéim ar fhadhbanna fiaclóireachta a sheachaint agus sláinte béil maith a chothú dá hothair. Bíonn sí séimh cneasta i gcónaí lena hothair. Cuireann a cneastacht, othair ar a gcompórd.Is ball í de Chumann Fiaclóirí na hÉireann agus Dámh de chúram Déidliachta Phríomhúil na hÉireann.

An Dr Aoife Ní Chonchubhair

BDS (NUI), BA

Is as Trá Lí ó dhúchas d’Aoife agus bhain sí céim mar fhiaclóir amach i gColáiste na hOllscoile Corcaigh sa bhliain 2005. D’oibrigh sí mar fhiaclóir i nDún Éideann na hAlban ar feadh trí bliana. Sa bhliain 2008 d’fhill sí ar Éirinn agus d’oibrigh sí i gcathair Chorcaí. Tháinig sí abhaile go Trá Lí in 2009 nuair a thosaigh sí ag obair le Mac Domhnaill Dental.

Tá an-suim ag Aoife i ngach gné den fhiaclóireacht agus thaistil sí go dtí an Bhealarúis mar oibrí deonach leis an eagraíocht Leanaí Chernobyl Idirnáisiúnta. Tuigeann sí an tábhacht a bhaineann le hoideachas leanúnach, chomh maith le huas-sciliú i gcúrsaí fiaclóireachta. Bhain sé céim BA sna hEalaíona amach le déanaí tar éis di staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar an Spáinnis i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh.

Dr. Seosamh Ó Groífa

BDS(NUI),

gradam na nGael dóibh siúd a chabhraíonn le daoine trí obair sóisialta.

Mary Sugrue

Altra Déidliachta

Tá Mary ag obair lenár bhfoireann ó 2005. Bhain sí a diplóma amach mar altra fiaclóireachta ó Ollscoil na hÉirann i gCorcaigh. Tá an-shuim aici i seirbhísí fiaclóireachta dóibh siúd atá eaglach nó neiribhíseach. Tá traenáil déanta aici in Ospidéal Fiaclóireachta na hOllscoile i mBaile Átha Cliath mar chuid de chúrsa d’altraí i dtaobh tábhú chomhfhiosach.

Is combhunathóir í de Thionscnamh Fiaclóireachta do Leanaí Chernobyl Idirnáisiúnta, faoi stiúr Adi Roche. Tá Mary ag cabhrú leo ó 1996. Is iomaí gradam atá buaite aici. An cuid is déanaí ná mar bhall den fhoireann Déadach mothálach na Bliana 2017 agus fhoireann Déadach Chombhách na Bliana 2018. Bhuaigh sí gradam (laoch na nDaoine 2017), gradam dóibh siúd a chabhraionn le daoine faoi mhíbhuntáiste. I 2017 chomh maith, bhuaigh sí gradam na nGael dóibh siúd a chabhraíonn le daoine trí obair sóisialta.

Caroline O’Halloran

Altra Déidliachta

Tá Caroline ag obair le Mac Domhnaill Dental ó 2015 i leith agus tá blianta de thaithí aici mar altra déidhliachta anseo in Éirinn agus i Sasana. Tá sium faoi leith aici i seirbhísí fiaclóireachta do leanaí.

Helen Kelly Fuller

Altra Déidliachta

Thosnaigh Helen ag obair le Mac Domhnaill Dental i 2017. Bhí roinnt mhaith blianta taithí aici ag obair leis An Dr. Richard Chute, go dtí gur éirigh sé as. Bhain sí diplóma amach mar altra déidliachta ó Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh.

Aoife Cahill

Rúnaí

Thosnaigh Aoife ag obair lenár bhfoireann rúnaíochta i 2017. Bronnadh céim uirthi ó Choláiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath agus tá taithí aici a bheith ag cabhrú leis an tionscnamh fiaclóireachta i gcomhpháirtíocht le Leanaí Chernobyl Idirnáisiúnta.

Gillian Lewis

Rúnaí

Thosnaigh Gillian ag obair lenár bhfoireann rúnaíochta i 2018. Tar éis di cáilíocht QQI a chríochnú i gcúrsaí rúnaíochta, chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair sa chóras poiblí. Faoi láthair, tá sí ag baint taitneamh as an staidéar chun diplóma mar Altra Déidliachta a bhaint amach i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh.

Emily Clarke

Altra Déidliachta

Thosnaigh Emily ag obair le Mac Domhnaill Dental i 2016. Is altra déidliachta ón Astráil í Emily agus chaith sí blianta ag obair i gcleachtadh fiaclóireachta príobháideach agus cleachtadh ortodontach amháin.

Renata Osuch

Rúnaí

Thosnaigh Renata ag obair lenár bhfoireann rúnaíochta i 2021. Tar éis di cáilíocht QQI a chríochnú i gcúrsaí rúnaíochta, chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair sa chóras poiblí.

Anne Barrett

Altra Déidliachta

Anne

Cá háit a bhfuarthas linn

49 Sráid na Carraige Uachtarach, Trá Lí,
Co. Chiarraí
066 712 1457

fiacloir@gmail.com